John Killeen: Gaiscíoch Íománaíochta
Séamas Ó Cualáin
(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2003. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)
An té nach mbeadh eolas cruinn aige ar chúrsaí iománaíochta i nGaillimh ó lár na ndaichidí go blianta tosaigh na gcaogaidí is dóigh go ndéarfadh sé leis féin gur chruthaigh foireann an chontae thar cionn ar fad de bharr na ngradam a rug said leo in imeacht na tréimhse sin. Gan amhras ar bith rinne na sárfhir gaisce agus Corn an Bhóthar larainn a bhreith leo ar a gconlán féin i 1947 - éacht a bhí inchurtha le beart pheileadóirí Chiarraí i 1927.
Go deimhin rachainn níos faide agus déarfainn go raibh sé níos fearr ná sin fós de bhrí go raibh an choimhlint níos déine agus an comórtas bunaithe go daingean i 1947. Ina theannta sin bhuaigh na Gaillimhigh Corn Thomáis Ághas faoi dhó (1950 is 1952) agus chuaigh said ar thuras go S.A.Mh. i 1951 nuair a ghnóthaigh said an Sraithchomórtas Náisiúnta.
Ach in aineoinn na gcaithréimeanna sin creidim féin gur bheag an luach saothair agus cúiteamh iad d'fhoireann a bhí chomh cumasach le báireoirí na Gaillimhe na blianta úd. Ba chóir go mbeadh Corn Mhic Chárthaigh buaite acu faoi dhó ar a laghad - i 1947 is i 1952 nó '53 - agus tá an t-iománaí dílís dúthrachtach, Jimmy Duggan, den bharúil chéanna : "I would say that from 1940 to 1953 Galway should have won at least one, if not two All-Ireland hurling titles".
Is truamhéalach le hinsint nach raibh i ndán do na hiománaithe oilte ealaíonta seo ach tubaiste i ndiaidh tubaiste agus díomá as éadan ar an ród le Craobh na hÉireann a bhuachan.
Scalladh croí dúinn a ndeir an cúl báire dochloíte, Seán Duggan: "the glamour attached to an American trip fades away, but the achievement of winning an All-lreland lasts forever". Agus is léir duifean croí is díomá freisin i ráiteas Josie Gallagher, curadh na gcéadta comhrac: "I would have preferred to get one All-Ireland medal than all the trips to America, and all the other honours I won".
Scoth lmreora
Ar an bhfoireann an tráth sin bhí John Killeen - scoth fir ó Thigh Neatha - a thug i gcuideachta Fr. Paddy Gantley forlámhas i lár na faiche do Ghaillimh. B'fhéidir gur deacair a chreidiúint anois ach is fíor go bhfuil sé le maíomh againn nach raibh dís i lár báire ag aon chontae eile ag an am a scoithfeadh beirt fhear na Gaillimhe. Ní raibh ríochan ar bith leo: "Fr Gantley and John Killeen made an outstanding partnership and behind these Jimmy Brophy was a rock of strength in the halfback line" a dúirt Josie Gallagher.
Fear breá
Fear breá ligthe scaoilte a bhí i John Killeen, é ag bordáil ar sé troithe ar airde agus thart ar thrí chloch déag de mheáchan ann. Agus bíodh is go raibh sé chomh láidir le Goll Mac Mórna, ní fhéadfaí aon tútáil nó suarachas a chur ina leith choíche óir fear cothrom cóir a bhí ann.
Ba le Tigh Neatha a thosaigh sé ar a chuid iománaíochta agus i dteannta a dhearthár, James agus Fr. Connie Boyle bhí sé ina chnámh droma ar an bhfoireann.
Níorbh fhada go raibh roghnóirí an chontae ag cur sonraithe ann i ngeall ar a imirt bheo bhríomhar don chlub agus sé a bhí in ann an lámh in uachtar a fháil ar bháireoirí iomráiteacha fearacht Vin Baston a d'imríodh don Chath Gaelach. Agus tá fhios ag fia is ag feannóg nárbh aon dóichín an Déiseach a chloí!
Gné Shuntasach
Seo mar a labhair tuairisceoir amháin agus é ag cur síos ar áblacht John Killeen " ... a great midfielder, whose clean striking, sound overhead hurling and speed plus stamina made him many times a match-winner". Gné shuntasach den iománaí fuinniúil seo ab ea an chaoi a raibh sé in ann an sliotar a ghreadadh uaidh go diste nuair a bhíodh sé i sáinn.
Dúirt Matt Hackett, seanbháireoir ón gCaisleán Gearr liom blianta ó shin go dtarringíodh John a chamán amach díreach ón ngualainn, rud a d' fhág nach bhféadfadh a chéile comhraic a bhuille a chosc nó a mhaolú. Eisean a bhaineadh fuaim bhog bhinn as an bhfuinseog!
D'imir báireoir Thigh Neatha cluichí iontacha dá chontae ach tá roinnt acu a sheasann amach go húrghlas i m'intinn go fóill. I 1947 ba "each gach araíon" é i lár na páirce agus chomh fada is a bheas meas ar chrógacht, tráchtfar ar threise a chuid iománaíochta nuair a sáraíodh Cúige Laighean i gcluiche leathcheannais an Bhóthar Iarainn. Ach dá fheabhas a rinne sé an lá úd bhí sé i mbarr a mhaitheasa ar fad ag ceansú Chúige Mumhan sa bhabhta ceannais. Lá thar laetha a bhí ann do Ghaillimh de bhrí go raibh an Corn Iománaíochta á thabhairt go buacach thar Sionainn siar don chéad uair. "My most lasting impression of the Railway Cup final was the sterling work of Killeen and Gantley'' a scríobh Andy Croke.
Bualadh gan choinne
Mheas Gaillimhigh thall agus abhus go raibh sruth is gaoth leo ar dheireadh thiar thall ach ba é an ceapadh caoch acu é mar i mí Iúil na bliana sin chuir Cill Chainnigh an cath go mí-ámharach orthu le cúilín amháin (2- 9 in aghaidh 1 -11) i mBiorra i gcluiche leathcheannais na hÉireann.
Is fiú a ndeir an Evening Herald a athlua: "Rather an unfortunate incident - an incident that had a big bearing on the ultimate result - occurred near the end of the game when the spectators, thinking the full-time whistle had gone, encroached on the pitch to congratulate Galway who at that point were a point to the good ... "
Rinneadh leathchuma ar fhir an Iarthair de bhrí gur imir an réiteoir suas le dhá nóiméad am breise agus feadóg níor shéid sé go bhfuair na Laighnigh scór an bhua. Ba mhillteanach an babhta orainn an bualadh seo agus chruthaigh Biorra arís - amhail mar a tharla i 1945 - go mba é fód an mhí-ádha é do Ghaillimh.
I dtaobh an chluiche féin bhí sé ina chomhlann chomh maith is ba mhian le duine a fheiceáil agus faoi mar a bheadh súil leis, bhí rith ráis ag John Killeen is ag Fr Gantley in aghaidh beirt Chill Chainnigh - Kennedy is Heffernan.
Comórtas lomána an Oireachtais
Ní raibh aon chinneadh leis an gCillíneach nuair a bhuaigh Gaillimh Corn Thomáis Ághas i 1950 agus 1952 agus níl gan a shéanadh nach iad na cluichí anamúla seo in aghaidh Loch Gorman a thug ardchéim do chomórtas Iomána an Oireachtais.
I 1951 bhí sé ar an bhfoireann chaithréimeach sa Sraithchomórtas Náisiúnta agus mar ba ghnách níor loic sé ar a chontae óir thug sé an taispeántas uaidh nuair a chloígh said an Clár, Tiobraid Árann is Loch Garman.
Bhí cosúlacht ann go ndéanfadh na hiománaithe bun faoi dheireadh i 1952. Casadh Corcaigh orthu i Luimneach i gcluiche leathceannais na hÉireann agus bhí ag éirí go geal leo gur thug an réiteoir as Tiobraid Árann, breith éagórach ina n-aghaidh gar do dheireadh na coimhlinte nuair a bhí "lnky" Flaherty ag gearradh roimhe ar a tháirm agus cúl an bhua faoi dhubh na hiongan dó.
Agus bíodh gur buaileadh Gaillimh le dhá chúilín (1-5 in aghaidh 0-6) níorbh fhéidir an Cillíneach a lochtú mar d'imir sé thar barr ar fad.
Ag tagairt do 1952 dúirt Billy O'Néill (a rinne a chion féin dá uchtchontae i bpeil is in iománaíocht): "The veterans of the side such as John Killeen, Hubert Gordon, Josie Gallagher and Jimmy Brophy were showing one last great surge that should, with any luck, have brought them victory. ln 1953 they were all a year older and a year can make all the difference."
Two Goal Killeen
Ghoill bualadh 1952 ar na Gaillimhigh ach ní raibh said gan dóchas nuair a chuaigh said i ngleic le Cill Chainnigh sa chluiche leathcheannais i 1953. Mar sin féin, bhí gach dealramh ann go dtiocfadh leá chúr na habhann ar ár muinín astu arís óir bhí Gaillimh dhá chúl chun deiridh agus gan fágtha ach trí nóiméad déag den chluiche.
Ach tharla an t-athrú mór go tobann nuair a aistríodh John Killeen ó lár na páirce go dtí an líne leath-thosaithe agus, i bhfaiteadh na súl, bhí an sliotar báite aige faoi dhó in eangach Chill Chainnigh, rud a d'fhág go raibh an dá thaobh ar chomhscór (3-4 v 1-10). lar sin d'aimsigh Hubert Gordon an cúilín a thug an bua do fhir an Iarthair ar deireadh thiar.
Gan amhras ba é báireoir Thigh Neatha laoch calma an lae agus chuir a dhá chúl thráthúla an dlaíóg mhullaigh ar a chuid imeartha. Ní hionadh go mbaistí ”Two Goal Killeen air ina dhiaidh sin. Is cinnte mura n-imreodh sé ach an sár chluiche sin do Ghaillimh go mairfeadh a cháil cois Coiribe le saol na bhfear.
D'fhág an chaithréim seo an lucht leanúna faoi loinne áthais agus d'fhill misneach agus ardú meanman ar ais chucu, ach sa chluiche ceannais in éadan Chorcaí buadh ar Ghaillimh agus fágadh an Cillíneach is na gaiscígh dhílse eile ar an trá fholamh gan Craobh na hÉireann - onóir a bhí tuillte go maith acu.
Lean John Killeen ag imirt ar a chroídhícheall ar feadh bliana eile gur sháraigh Port Láirge iad i gcluiche leathcheannais na hÉireann i 1957.
Nó go dtiocfaidh an lá inné ar ais níor cheart go ligfí i ndearmad na laochra iománaíochta seo a sheas an fód go calma cróga dá gcontae ina liacht coimhlint churata.
Aguisín
Tá roinnt díobh seo atá luaite agam san alt imithe ar Shlí na Fírinne anois. Go dtuga Dia glóir shíoraí na bhFlaitheas dá n-anamacha uaisle.
Agus ba cheart cuimhneamh freisin ar ár sárpheileadóirí a tharraing gnaoi is gean phobal na hÉireann orthu féin is ar a gcontae lena stíl thaitneamhach imeartha ó 1998 i leith.
"Is buaine bladh ná saol"