'An Chéad Laoch', James Brendan Connolly
Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca
(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2004. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)
Bhí teacht le chéile deas in Inis Mór le gairid nuair a bhronn fear as Marblehead i Massachussetts cóipeanna de leabhra a scríobh James Brendan Connolly ar phobal an Oileáin. Ba é James Connolly an chéad duine a bhuaigh bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha nuair a hathbhunaíodh iad i gCathair na hAithne sa nGréig in 1896. Ba as Árainn a athair agus a mháthair.
Fear a bhí ann a rinne go leor eile i gcaitheamh a shaoil freisin. Scríobh sé úrscéalta agus gearrscéalta. Bhí sé ina chomhfhreagróir cogaidh ar fud an domhain. Cara pearsanta a bhí ann don Uachtarán Roosevelt. Le linn Chogadh na Saoirse tháinig sé go hÉirinn agus scríobh sé píosaí cumasacha faoin slad a bhí na Black and Tans a dhéanamh.
Bhí dearmad beagnach déanta ar a chuid éachtaí nuair a thaispeáin Máirtín Jamesie alt beag faoi a bhí san Ireland's Own do Sheosamh Ó Cuaig. Chuaigh seisean i mbun taighde as éadan, chuaigh sé i gcomhairle le Bob Quinn ina dhiaidh sin agus ba é an toradh a bhí air sa deireadh go ndearna siad clár fáisnéise do TG4 dár teideal An Chéad Laoch. ó Iris an Phléaráca 2004
Le linn a chuid taighde tháinig Seosamh Ó Cuaig ar fhear i Marblehead, Mass. darb ainm Gary Kissal. Níl deoir d'fhuil na hÉireann ann (de shliocht Gréagach é) ach bhí beagnach chuile rud dár scríobh James Connolly riamh bailithe aige agus omós an domhain aige dó. D'fhiafraigh Seosamh Ó Cuaig de an mbeadh baol ar bith go dtiocfadh sé go hlnis Mór. Dúirt sé go dtiocfadh agus go mbronnfadh sé na leabhra ar mhuintir an oileáin.
Ar fhothrach an tí a bhí ag a thuismitheoirí trasna ó Tigh Fitz i gCill Éinne a rinneadh an bronnadh - le linn do Chluichí Oilimpeacha a bheith ar bun i gCathair na hAithne, 108 bliain tar éis do James Brendan Connolly clú domhanda a tharraingt ar South Boston agus ar Árainn.