Ar Aistear na gCuradh Linn

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1991. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Hugó Ó Ciardha Scoth Peileadóra as Carna

Is dóigh gurb é Hugó Ó Ciardha an chéad pheileadóir as Gaeltacht Chonamara a ghnóthaigh bonn Chraobh Shinsir Peile na hÉireann le Gaillimh. Chuir roghnóirí an chontae sonrú san ógfhear breá scafánta seo nuair a chonaic siad é i mbun imeartha le foireann bhuach Carna i gcraobh chomórtas sóisir an chontae.

Roghnaíodh Hugó mar lánchúlaí ard fheis ar fhoireann shinsir na Gaillimhe den chéad uair i 1933 agus ba san ionad sin a d'imir sé i gcónaí ní hamháin dá chontae ach do Chonnachta i gComórtas an Bhóthair Iarainn chomh maith. Bhí an-imreoirí ag Gaillimh ag an am agus d'éirigh leo Craobh Chonnacht a ardú leo i 1933 tar éis dóibh a bheith sé bliana ar an gcúlráid. I gcluiche leathcheannais na hÉireann bhuail siad Baile Átha Cliath le cúilín amháin (0-8 v. 1-4) ach fuair an Cabhán an lámh in uachtar orthu sa gcluiche ceannais (2-5 v. 1-4).

Bhí na Gaillimhigh in uachtar arís i gConnacht i 1934 agus tar éis an Cabhán a shárú i gcluiche leathcheannais na hÉireann (1-8 v. 0-8) bhain siad tuisle as foireann Bhaile Átha Cliath sa gcluiche ceannais (3-5 v.1-9). Bua ar leith a bhí anseo mar leathchéad bliain roimhe sin a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael. Ina theannta sin ba í seo an chéad uair a tugadh Com Mhig Uidhir go buacach thar Sionainn siar.

Bhain fear Charna a áit amach ar fhoireann Chonnacht a loic in aghaidh Laighean le cúilín amháin (0-12 v. 2-5) i gcluiche ceannais Chomórtas an Bhóthar Iarainn i 1933. Ach thug siad an corn leo go caithréimeach go cúige an larthair i 1934 nuair a bhris siad ar na Laighnigh sa gcluiche ceannais (2-9 v. 2-8).

I ndeireadh na bliana 1934 chuaigh foireann na Gaillimhe ar bord loinge go Stáit Aontaithe Mheiriceá áit ar imir siad Gaeil Mheiriceá i Nua Eabhrac. D'éirigh leis na Gaillimhigh arís (4-4 v. 0-5) agus chuir an bua an clár binne ar thuras fíorthaitneamhach.

https://www.cartlann.ie/files/original/ae198ca855d2623068050b3ae58d5112.jpg

Seán Ó Conghaile, Laoch Calma na gCéadta Cath

Ní raibh aon chinneadh le Seán Ó Conghaile i measc bháireoirí lár-páirce. Go hiondúil ní aimsíonn an t-imreoir san ionad tábhachtach seo an oiread sin scór in imeacht an chluiche, ach níorbh ionann cás é ag iománaí Thír an Fhia. Ní ligfeadh sé a leas ar cáirde aon tráth agus le buillí fada feilmeanta a bhí chomh díreach le hurchair as gunna, d'ardaíodh sé na bratacha go mion agus go minic agus dheamhan ar dhóichí-de an Cháisc ar an Domhnach ná an sliotar a bheith i gcúl na heangaí aige ar uair na práinne.

Ba i dTír an Fhia a rugadh an Conaolach ach ní raibh ann ach gasúr nuair a d'aistrigh a mhuintir go Baile an Bhriota i bparóiste an Chaisleáin Ghearr. Ball é seo a bhfuil cluiche ársa Chúchulainn faoi bhláth ann leis na céadta bliain agus ní ionadh ar bith mar sin gur músclaíodh suim san iománaíocht san ógánach as Conamara. Roghnaíodh é ar fhoireann mhionúir na Gaillimhe tar éis dó craobh an chontae sa ngrád sin a bhuachan leis an gCaisleán Gearr i 1965. An bhliain ina dhiaidh sin agus arís i 1967 bhain sé áit amach ar an bhfoireann faoi 21, agus i 1968 thosaigh sé ag imirt leis an taobh sinsir.

Chaith Seán roinnt blianta i Stáit Aontaithe Mheiriceá áit ar ardaigh sé leis craobh Nua Eabhrach le Gaillimh i 1972 tar éis sárchluiche i gcoinne Thiobraid Árann. Chomh maith leis sin bhuaigh sé craobh shinsir a chontae cúig uaire leis an gCaisleán Gearr agus chuir sé an dlaíóg mhullaigh ar na caithréimeanna sin i 1980. Ní hamháin gur ghnóthaigh sé Craobh Chlubanna na hÉireann leis an gCaisleán Gearr agus Corn an Bhóthair Iarainn lena chúige ach rinne sé an t-éacht is ansa le gach báireoir - Craobh shinsir na h Éireann a bhuachan dá chontae dúchais.

Báireoir a bhí sa gConaolach nach ndeachaigh i muinín an fhoirnirt ná an tsalachar riamh, agus fiú sa gcoimhlint dho-eadrána d'imir sé mar ba dhual dó, go macánta meabhrach misniúil.

https://www.cartlann.ie/files/original/55a2f5473d9862da89a6e398245aabcf.jpg

Peait na Máistreása (1892-1961) – Féinní ildánach

Ar an Droim i Leitir Móir, áit a raibh a mháthair ag múineadh scoile, a saolaíodh Pádraig Mac Donnchadha nó Peait na Máistreása sa mbliain 1892. Ba mhac é do Pheait Liaimín Mac Donnchadha as Béal a' Daingin agus ba í Mairéad Ní Chonaola nó Meaig Pheadair Mháirtín as Caladh Ghólaim, Leitir Mealláin, a mháthair.

Chuaigh Pádraig go Stáit Aontaithe Mheiriceá go luath tar éis dó scoil a fhágáil agus ba anseo a d'fhorbair sé a chumas imeartha sa bpinniúr liathróid láimhe. Bhuaigh sé Craobh Shinsir Nua Eabhrach ó 1919 go 1923 agus Craobh an Domhain sna blianta 1922 agus 1923. Nuair a d'fhill sé ar a thír dhúchais i 1924, d'ardaigh sé leis Craobh Shinsir na hÉireann gan dua agus Craobh na gCluichí Tailteann an bhliain chéanna.

Lúthchleasaí den scoth a bhí i bPeait freisin. Chruthaigh sé thar cionn i rásaí 100m, 200m, agus 400m agus le linn dó a bheith i Nua Eabhrach bhuaigh sé craobh an stáit sin i gcomórtas gluaisrothaíochta. Ina theannta sin b'iontach an peileadóir a bhí i bhfear Leitir Móir. Bhí sé mar chaptaen ar fhoireann na Gaillimhe i Nua Eabhrach ar feadh sé bliana as a chéile agus in imeacht na tréimhse sin threoraigh sé a chontae chun bua i dtrí chraobh chluiche ceannais an stáit.

"Is, a chomharsana, ar chuala sibh ó dhuine beag agus mór
Caint ar Pheait na Máistreás' nuair a bhí sé ina fhear óg?
Bhí bua ó Rí na Cruinne aige le haghaidh chuile chineál spóirt,
'Gus nach é d'fhág cáil i bhfad is i ngearr ar mhuintir Leitir Móir?"
Tomás Seoighe

Máirtín Ó Droighneáin (1917-1982) Curadh Trom-Mheáchain na hÉireann

I Lúnasa 1938 bhí a chéad throid thábhachtach ag an Droighneánach in aghaidh "Butcher" Howell as Corcaigh ar pháirc Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath i bhfianaise 16,000 duine.

Ba sna bothanna dornálaíochta i Sasana a d'fhorbair Máirtín beartaíocht is ealaín a cheirde agus nuair a d'fhág sé na bothanna le dul sa gcró troda tosaíodh ag cur sonraithe ann agus de réir a chéile bhíodh a ainm le feiceáil go féiltiúil sna colúin spóirt.

Ar na dornálaithe ar thug sé dual na droinne dóibh bhí George Muir, AI Hayes agus Tom Reddington. Faoi Shamhain 1943 rinne sé cion fir nuair a chuir sé curadh trom-mheáchain Jamaica, Ben Valentine, as mothú sa tríú babhta. Agus ba chleite ina sciathán AI Robinson as Leeds a chriogadh taobh istigh de 15 nóiméad mar bhí AI áirithe ar dhuine de na príomhiomaitheoirí do Chraobh Throm-mheáchain na Breataine ag an am.

Ainneoin na mbuanna sin nuair a chuaigh dornálaí an Spidéil i mbun comhraic le Pádraig Ó Súilleabháin do chraobh throm-mheáchain na hÉireann sa Theatre Royal i mBaile Átha Cliath ar 4 Feabhra, 1944 mheas go leor nach seasfadh sé an fód in aghaidh fhathach fir Chorcaí. Bhuaigh an Súilleabhánach an chraobh i 1943; bhí sé 6' 4" ar airde agus cumas na dornála ann. Bhí an comhrac i mbéal gach duine in Gaillimh agus ní nach ionadh bhí an tacaíocht ag fear an Spidéil a mheáigh trí chloch déag agus é 5' 11" ar airde. Ba léir ón gcéad bhuille a tugadh go raibh an farasbarr ag Máirtín agus cé go ndearna an Súilleabhánach tréaniarracht bhí sé fánach aige bheith ag dréim le díograis is le díocas an Ghaillimhigh. Sa tríú babhta - tar éis 8 nóiméad 56 soicind - thug an Droighneánach an buille scoir dá fhear teagmhála.

Cúpla mí i ndiaidh na caithréime seo d'agair an Spidéalach briseadh 1938 ar "Butcher" Howell. Ní dheachaigh an troid thar an gcéad bhabhta ach in imeacht an ama sin bhí an Corcaíoch sínte ar fhleasc a dhroma ceithre huaire ag Máirtín!

I 1945 socraíodh troid eile idir Pádraig Ó Súilleabháin agus Máirtín ach dá dhonacht dá raibh an chéad chomhrac eatarthu ba sheacht measa é seo óir bhí an Corcaíoch cloíte i 77 soicind.

Tá Máirtín Ó Droighneáin ar Shlí na Fírinne anois ach beidh cuimhne air le saol na bhfear. Faoi mar a deir an seandream: "Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir."

Maitias Ó Dúbháin, An Gaiscíoch Dochloíte

"Sé Maitias Ó Dúbháin an forá nach lúfar,
Crann seasta na cúise nár chlis in aon ghábh,
Dá bhfaigheadh sé greim píobáin nó corráin na guaille air,
Leagfadh sé an Púca is mó a tháinig ariamh."

Sin mar a thráchtann an file, Micheál Mac Suibhne, ar Mhaitias Ó Dúbháin a bhain clú is cáil amach ar fud Chonamara lena chuid gníomhartha gaile is gaisce. Aisteach go leor fear beag a bhí i Maitias, é ag bordáil ar chúig throigh is seacht n-orlaí ar airde ach bhí neart dochreidte ann. Bhí sé chomh láidir le hOscar an Áigh is chomh smiorúil ar a chois le cú.

Ba i mBaile na Cille i Leitir Mealláin a saolaíodh an Dúbhánach ag deireadh na hochtú aoise déag. Ní raibh ann ach cleiteachán de dhuine agus é ina ghasúr ach ó bhailigh sé na déaga amach b'áibhéil an t-urra coirp is géag a bhí ann. Deirtear nach raibh fear dá cháilíocht i gCríocha Fáil in aois a bhliain is fiche dó. Agus d'fhear chomh cumasach leis is iontach le haithris nach raibh téagar ar bith i gcaola a chuid lámh.

https://www.cartlann.ie/files/original/627f789c3066e8593a3f5ea32e122bc4.jpg

Géarchoimhlint sna currachaí.

De réir an tseanchais bhí sé chomh láidir sin nach raibh stró dá laghad air bullán mór a chriogadh le buille dá dhorn nó mála mine dhá chéad meáchain a iompar as Gaillimh siar go dtí An Cheathrú Rua, aistear seacht míle fichead bealaigh, gan oiread is scíth a ligean i gcaitheamh an turais.

Bhí deirfiúr le Maitias pósta i Sasana le gaiscíoch dornálaíochta a raibh an-bharúil aige dó féin agus dheamhan suí shuaimhnis a thabharfadh sé dá bhean go gcuirfeadh sí fios ar Mhaitias le dul chun comhraic leis. Ní mórán dá fhonn a bhí ar fhear Bhaile na Cille dul anonn ach ar deireadh thoiligh sé imeacht agus é de rún daingean aige támhnéal a chur ar an Sasanach. Ar chaoi ar bith sheol Maitias amach as Gaillimh agus is iomaí gábh a ndeachaigh sé tríd ar an mbealach go teach a dheirfíre. Ní nach ionadh bhí sé tuirseach tnáite agus theastaigh scíth is dreas codlata go géar uaidh. Ach iamh ná foras níor thug an Sasanach dó nó go ndeachaigh sé chun troda leis.

Ach má bhí driopás amach ar an ngaiscíoch bhí a sheacht n-oiread sin de dheifir air ag teacht isteach. Nuair a tharraing sé buille dá dheasóg le tabhairt faoi bhun an ghéill do Mhaitias, céard a dhéanfadh an tÉireannach meabhrach ach breith ar chaol a láimhe agus d'fháisc sé chomh docht sin é gur thosaigh an fhuil ag brúchtadh amach trí bharraí a chuid méar. Bhí an cath tugtha agus bua suntasach ag an Dúbhánach.

Insítear freisin faoi lá a raibh Maitias i gCathair na Gaillimhe agus tugadh a dhúshlán dul thar theach ar Mhargadh na mBanbh áit a raibh mada mór oilbhéasach. Bhí faitíos cráite ar chuile dhuine roimh an mada drochmhúinte seo ach níorbh ionann an cás d'fhear Bhaile na Cille é. Síos leis agus é ina bhonnachaí agus a thúisce is a thug an gadhar faoi léim Maitias i leataobh agus nuair a bhí an mada ag dul thairis thug sáil a choise i mbéal a ghoile dó agus shín sé mín marbh é ar an tsráid. I ngeall ar bhearta cróga an tréanfhir seo as Baile na Cille ní hionadh mar sin go maireann iomrá ara chuid eachtraí éachtacha i seanchas na ndaoine go fóill.