Seanscoil Shailearna ó 1884
Róisín Ní Thuairisg
(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1998. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)
Ceaptar gur tógadh scoil ar an láthair idir 1860 agus 1870. Scoil an-bheag a bhí inti - dhá sheomra inti ina raibh buachaillí agus cailiní le chéile agus Béarla an teanga a bhí i réim sa scoil. Bhí paróiste an Chnoic i nDeoise Thuama agus bhí an tArdeaspag Mac Éil glan in aghaidh chóras bunoideachais Shasana. Nuair a fuair sé bás i 1881 cheadaigh a chomharba, An tArdeaspag McEvilly scoileanna naisíunta i nDeoise Thuama agus tosnaíodh ar scoil a thógáil i bparóiste an Chnoic i 1884. Thóg sé ceithre bliana an obair a chríochnú. Ceithre sheomra a bhí sa scoil nua, péire le haghaidh na mbuachaillí ar an taobh thiar agus péire ar an taobh thoir le haghaidh na gcailiní.
Chosain sé £459 an scoil nua a thógáil agus frítheadh £306 de dheonta. Chosain sé £41-19s-6p balla a chur timpeall na scoile. Sa phainéal ar dheis tá liosta na ngasúr a tháinig ar scoil don chéad uair i 1889.
Seo an cur síos a thug m'athair dhom ar an lá scoile nuair a bhí sé ag freastal ar an scoil sna caogadaí. Thosnaíodh an scoil ag 9.30 ar maidin. Bhí out to play ann ag a 11.00 agus aris ag 2.00 ar feadh deich nóiméad nó mar sin. Peil, tip nó rásaí trí cos a bhíodh acu. Bhíodh lón ann ó 12.30 go dtí a 1.00. Dhá stiall de bhuilín agus jam air a bhíodh acu agus thugaidís leo buidéal bainne. Ní bhíodh cead acu dul abhaile ag am lóin. Chríochnaíodh na ranganna ag a trí gach lá.
Thugtaí carr móna go dtí an scoil nó trí ualach asail de mhóin sa bhfómhar agus thugadh gach gasúr dhá fhód faoina ascaill ar scoil gach lá ón Earrach go tús an tSamhraidh, leis an scoil a théamh. Bhíodh tine mhór i ngach seomra.
Ní bhíodh bróga ar bith ar na gasúir ó thús an tsamhraidh. Sa gheimhreadh chaithidís bróga leathair ar a dtugtaí Jurdens (Jordon), mar gur i siopa Jordan i nGaillimh a cheannaítí iad. Knickerbockers na bristí a chaithidís ar a mbíodh dhá cnapa thíos faoin glúin. Stocaí olainn and léine flainín chomh maith le geansaí no seacéad a bhíodh orthu.
Tar éis na scoile bhíodh orthu deifriú abhaile chun dul ar an bportach gach lá ó lár Mí an Mheithimh agus is ann a d'fhanaidís go dtí a naoi nó a deich san oíche. Dhéanaidís a gcuid obair baile le solas an lampa ola mar nach raibh leictreachas san áit ag an am.
An tSeanscoil i lár na seascaidí
Sna blianta sar ar dhún an tseanscoil i 1972 ba é Pádraig Ó Ciardha a bhí ina phríomhoide i scoil na mbuachaillí taobh thiar agus bhí Máire Ní Chonghaile nó Miss Conneely mar a glaotaí uirthi ina príomhoide i scoil na gcailíní. Dúirt Máire Uí Mhainnín, a bhí ina cuntóir i scoil na gcailíní ag an am, nach mbíodh cead ag na buachaillí dul soir i gclós na gcailíní agus bhí an cosc céanna ar na cailiní ar ndóigh. Is cuimhin le Máire an chéad lá ar tháinig cailín agus bristí uirthi chuig an scoil agus Pádraig Ó Ciardha ag an doras ag béiceadh "Cé hé an buachaill sin i gclós na gcailiní. Cuir anoir anseo é".
Chuirtí síos tine mhóna gach maidin, sula dtosaití an rang. Bhíodh ar gach teaghlach síntiús airgid nó cairrín móna a thabhairt isteach. Sheasadh na daltaí timpeall na tine á téamh féin agus ag foghlaim táblaí nó litriú. Ní raibh troscán ná fearas scoile sna seomraí ach cófra mór sa choirnéal, agus ag tóin an chófra bhí seanrollaí a bhí leath ite ag francaigh. Ar na seilfeanna eile bhí cóipleabhair, nibíní miotail agus pinn adhmaid. Ní raibh biro ar bith ann an t-am sin agus baintí usaíd as na pinn nibíní.
Chuile mhaidin Dé Luain théadh duine de na buachaillí as rang a sé thart le buidéal mór dúiche, píosa de chleite ag gobhadh aníos as an gcorc, chun na dúcháin ar fad a Iíonadh. Bhíodh páipéar súite go mór in usáid le dúch a thriomú ach bhíodh gá le aireachas mar dá gcuirtí an iomarca brú ar an bpáipéar súite, d'fhéadfaí praiseach a dheánamh den scríobh a bhí faoi.
Urlár adhmaid a bhí sa seanscoil agus cóilíneacht francach faoin urlár. Nuair a bhí ciúnas sa seomra agus na daltaí ag scríobh i minic a thagadh na francaigh amach as an gcófra, a gcuid féasóga ag glioscarnaigh, iad ag piocadh suas píosaí arán ón urlar. Is iad na francaigh a ba chúis le tógáil na scoile nua i 1972.
Gaeilge ar fad a bhíodh á labhairt ag na scoláirí i gclós na seanscoile. Agus bhí saibhreas na Gaeilge acu, neart seanfhocla, seanphaidreacha, ainmneacha garrantaí agus filíocht. Bhíodh gramadach an Bhéarla á múineadh chuile lá sa scoil.
Is de shiúl a gcos a thagadh na scoláirí ar scoil agus nuair a bhíodh báisteach throm nó sneachta ann, bhíodh go leor as láthair. Coinnítí an scoil dúnta nuair a bhíodh aonach ar an Spidéal, agus scaoiltí saor na buachaillí mí Dheireadh Fómhair ar feadh coicíse le haghaidh baint na bhfataí.
Bhí an córas leithris an-bhunúsach ar fad. Sé chinn de leithris thirime taobh ó thuaidh den scoil, trí cinn do na buachaillí, agus trí cinn do na cailíni le balla ard eatarthu. Gach trí mhí nó mar sin, ghlanadh na buachaillí amach na leithris agus dhóirteadh an máistir Jeyes Fluid thart faoin áit.
Ag am lóin, bhí muigíní stáine chócó ag na gasúir, agus ansin amach leis na buachaillí ag imirt peile.
Lá mór a bhí ann i 1972 nuair a hoslaíodh an scoil nua. Na seomraí geala gan francach ar bith, teas lárnach agus chuile compoird, leithris ghalánta taobh istigh agus páipéar tóna fiú amháin!
Tar éis oscailt na scoile nua leanadh ar aghaidh ar feadh roinnt blianta ag usáid na seanscoile mar choláiste samhraidh agus mar áit chruinnithe don pobal. Is ann a bhíodh cruinnithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. I 1974 is ann a rinne Bob Quinn Caoincadh Airt Uí Laoghaire an chéad scannán i nGaeilge riamh agus scannán a chuir tús leis an athbheochaint i scannánaíocht na hÉireann.
Tá an seanscoil anois á atógáil ag Comharchumann Sailearna. Beidh oifig an Chomharchumainn ann. Beidh áit do naíonra ann chomh maith le cistineach, bialann, halla pobail agus seomra cruinnithe. Beidh an obair críochnaithe i 1999 agus beidh beocht aríst sa seanscoil a raibh an scríbhneoir Gaeilge Micheál Breathnach ag freastal air chomh maith leis an aisteoir cáiliúil Cyril Cusack.