Agallamh le Bob Quinn

Bríd Ní Chartúir

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1995. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Scannánadóir a bhfuil cónaí air i gConamara ó 1970, chaith sé a phost buan le RTÉ in aer i 1969 agus tá sé anois ceapaithe ar Údarás RTÉ. San agallamh seo le Bríd Ní Chartúir nochtann Bob Quinn a chuid smaointe ar RTÉ, ar Chonamara agus ar TnaG.

Ar dtús an bhféadfá cuntas gearr a thabhairt ar an tréimhse a chaith tú in RTÉ?

Chaith mé timpeall is ocht mbliana ag obair in RTÉ sna seascaidí. Thosaigh mé mar thraeneálaí. Bhí mé ag plé le cúrsaí fuaime ar feadh dhá bhliain. Ansin mar leiritheoir d'fhan mé ann ar feadh cúig nó sé de bhlianta ina dhiaidh sin agus bhain mé an-taitneamh as. Bhí sé iontach. Rud nua a bhí ann agus bhí chuile dhuine óg. B'í an bhunchloch a bhí ag RTÉ an tríocha traeneálaí a bhí ann, dream nach raibh baint dá laghad acu le teilifis ná le raidió roimhe sin. Bhí daoine as chuile aird agus chuile cheird ina measc - grianghrafadóirí, ceoltóirí, péintéirí. Bhí chimney sweep amháin ann agus bhí intinn oscailte againn agus muid réidh le haghaidh chuile rud.

Cén fáth an raibh suim agat an chéad lá riamh i scannánaíocht?

Ní raibh suim agam i ndéanamh scannán. Thaitnigh scannáin go mór liom. Bhíodh mé ag dul ag an cinema i gcónaí mar ní raibh aon teilifís ann le m'óige. Ní suim sa scannánaíocht ach suim i gceol, suim san ealaíon, agus suim in aisteoireacht. ln RTÉ bhí mé ag plé le obair stiúideó. De réir a chéile d'éirigh mé tuirseach den obair stiúideó agus thóg mé ceamara amach agus rinne mé scannán beag. Ansin scannán eile agus thuig mé gurbh é sin an cheird ab fhearr liom a dhéanamh. Sin é an chaoi ar thosaigh sé. Ní raibh clue agam i ndáiríre. Bhí sé suimiúil agus nua agus ní raibh mé sásta dul isteach i job ar bith eile – sórt tincéara a bhí ionam, bhí mé ag athrú jobanna ó bottle washer, go cléireach, go life saver, go múinteoir Béarla sa nGearmáin. Ní raibh clue agam nuair a chuaigh mé isteach sna scannáin.Tá sé mar an gcéanna anois chomh maith.

D'fhág tú RTÉ I 1969, cén fáth ar fhág tú?

D'fhág mé mar is dóigh go raibh mé craiceáilte. Is job iontach a bhí ann ach sa deireadh cheap mé nárbh fhiú tada an obair a bhí mé ag déanamh. Bhí mise ag cur chuile rud isteach sna scannáin sin agus bhí siad ag dul amach ar RTÉ, ag baint duaiseanna amach ar fud an domhain ach ag an am céanna thuig mé sa deireadh nach raibh mé ach ag díol Persil. Sa deireadh cheap mé nárbh fhiú dom a bheith ag déanamh scannán le PersilSmarties a dhíol. B'shin an fáth ar fhág mé.

D'imigh tú as RTÉ ansin agus tháinig tú anuas go Conamara agus bhunaigh tú an comhlacht ‘Cinegael’ le Seosamh Ó Cuaig agus Tony Cristofides, beirt a raibh baint mhór acu le Cearta Sibhialta na Gaeltachta. Céard iad na haidhmeanna a bhí agaibh nuair a thosaigh sibh an comhlacht?

Thugamar faoi deara céard a bhí ag dul amach ar an teilifís. Bhí daoine mór le rá, Gay Byrne agus a leithéid, ach ní minic a d'fheicfeá duine as Conamara nó cainteoir dúchais. Chonaic mise mar bhí mé ar lndian Reservation i gCeanada agus thug mé faoi deara na daoine sin ag breathnú ar an cavalry á mhilleadh agus bhí mé ag smaoineamh ar an mbrú a bheadh ar fhéin-mhuinín na ngasúr seo ag fás aníos. Thug mé faoi deara gurbh é sin an fáth a raibh siad ag ól an iomarca. An life expectancy a bhí ann ná 33 bliain ag na fir agus 36 do na mná. Níl mé ag rá gur lndians a bhí anseo ach bhf an rud céanna i gceist ann. Mura bhfuil íomhá maith pearsanta ag duine faoi féin cheapfadh sé nó sí nach fiú an saol. Mar gheall gur as an teilifís a bhí an brú is mó ag teacht ar shíceolaíocht agus féin-mhuinín an duine cheap muid go mba chóir go mbeadh pictiúir agus fuaimeanna ag teacht as an taobh seo tire agus iarracht a dhéanamh iad a chur ar an teilifís i dtreo is go bhfeicfeadh muintir na Gaeltachta go raibh siad chomh tábhachtach agus chomh líofa agus chomh ciallmhar agus chomh hálainn le leithéidí Gay Byme.

Déarfadh daoine go raibh sé aisteach gur tháinig tú go Conamara le cur fút. Tar éis os cionn fiche bliain, an bhfanfaidh tú anseo? An bhfuil fréamhacha na hionspioráide a fhaigheann tú i gConamara?

Níl a fhios agam ar chur mé síos fréamhacha ariamh, mar is tincéara i gcónaí mé. De thimpist tá mé anseo le os cionn scór bliain anois agus ní fheicim aon áit eile a bhféadfainn cónaí ann tar éis na háite seo. Ní thuigim cén fáth mar i mí Feabhra nuair atá sé gruama chuile bhliain deirim go gcaithfidh mé imeacht ach tagann an tEarrach agus tuigim cén fáth a bhfuil mé anseo. Chomh maith leis sin tá pobal anseo agus ní go minic sa domhan lartharach a bhfuil pobal fanta. Tá sé ró-chasta dul isteach sa bhfáth díreach ar leandáil mé i gConamara. Bhí mé i gConamara blianta fada roimhe sin agus ní raibh fhios agam go raibh Gaeltacht ann. Níor thuig mé go raibh aon suim agam i gcúrsaí Gaeltachta nó Gaeilge ach cuireadh in iúl dom rud amháin i RTÉ tré Liam Ó Murchú cé chomh tábhachtach is a bhí an Ghaeilge.

https://www.cartlann.ie/files/original/489dd8796fec2877b00761fbcd80ba54.jpg

Teilifís na Gaeltachta i mbun craolta le linn seimineár ar chúrsaí teilifíse ag Oireachtas na nGael, Ros Muc i 1987. Pádraig de Bhaldraithe atá ag labhairt, agus is iad Billy Keady (na Forbacha) agus Tommy Collins (Doire) atá i mbun na gceamaraí. Tá Seosamh Ó Cuaig le feiceáil ar dheis den phictiúr. (pic Bob Quinn).

Scríobh mé ag Déasún Fennell a bhí i Maoinis ag an am. Bhí mé ag maireachtáil i gcarbhán i nDún na nGall, le mo bhean chéile agus leanbh agus scríobh mé chuig Fennell agus d'fhiafraigh mé dhó an bhféadfadh fear cosúil liomsa maireachtáil i gConamara. Faoin am seo thuig mé chomh tábhachtach is a bhí anGhaeilge mar sórt fascadh ón commercial consumer society. Ghlaoigh Fennell ar ais agus dúirt sé go cinnte go raibh sé éasca ag duine maireachtáil anseo má bhí sé láidir agus má bhí fuinneamh aige. Mar sin chuir mé chuile rud a bhí agam - agus ní móran a bhí agam - isteach sa Volkswagen van agus thiomáin mé síos anseo agus tá mé anseo ó shoin. I gCarna a thosaigh mé, ansin bhí mé i Ros Muc, Baile na hAbhann, Na Forbacha agus ar feadh i bhfad san gCeathrú Rua. Is tincéara i gcónaí mé agus anois tá mé ar an Tuairín ach tá mé ag ceapadh go bhfuil mé leandáilte i gceart anseo. Tá spás agam anseo sa Tuairín le crainnte a chur. Is iontach an áit é seo.

Bhí baint mhór agat leis an bhfeachtas le haghaidh Teilifís na Gaeltachta. An bhfuil tú sásta anois go mbeidh toradh dearfach air bhur gcuid oibre?

I ndáiríre ní dóigh liom go bhfuil mórán baint ag Teilifis na Geilge mar atá pleanáilte agus an teilifís beag pobail a bhí ar intinn againn nuair a chuaigh muid suas ar Chnoc Mordáin i 1987. Is rud mór é anois. Beidh sé scaipthe. B'fhéidir gur rud maith é sin. Níl mé ag rá nach rud maith é ach i ndáiríre níl mórán suime go pearsanta agam ann mar níl aon suim agamsa ach sa phobal seo, pobal Chonamara. Ní hé an rud a bhí i gceist agamsa nuair a bhí baint agam le Teilifís Pobail. Ní dóigh liom go gceapfadh mórán de na daoine a bhí thuas ar Chnoc Mordáin - agus bhí thart ar thríocha duine a thóg shifts dul suas ar an gcnoc sin chun aire a thabhairt do na transmitters - níl a fhios agam an mbeadh mórán den dream sin sásta gurbh é seo an toradh a bhí siad ag iarraidh.

Bheadh sé go maith dá mbeadh sé dírithe ar an nGaeltacht. Tá an cheist casta mar beidh an lár ionad lonnaithe i gConamara agus beidh stiúideó i dTír Chonaill agus i gCiarraí agus caithfidh go mbeidh ábhar ó na Gaeltachtaí sin ar an stáisiún. Ach ag an am céanna is faoi scáth RTÉ a bheas chuile rud agus níl a fhios agam an rud maith é sin. Ní dóigh liom go dtaithníonn sé fiú le RTÉ go bhfuil dualgas orthu é a shocrú suas. Níl mé ag iarraidh a bheith ag caitheamh anuas ar rud nach bhfuil tosnaithe fós ach i ndáiríre sé an t-aon rud a bheinn sásta a rá nach hé an rud a bhí i gceist againn ar Chnoc Mórdáin i 1987.

Mar a dúirt joe Steve Ó Neachtain roinnt blianta ó shoin "Dá mbeadh seirbhís maith teilifíse ann anseo agus dá mbeadh deis ag daoine taobh amuigh don Ghaeltacht cúl éisteacht nó cúl fhéachaint air, de réir a chéile b'fhéidir go scaipfeadh an teachtaireacht go bhfuil rud tábhachtach fiúntach ins na Gaeltachtaí'. Dúirt sé nach raibh an Ghaeltacht ag iarraidh an Ghaeilge a bhrú ar an nGalltacht nó lucht nach labhraíonn Gaeilge agus sílim gurbh é sin an dearcadh ceart. Ach dá mbeadh sé go maith, dhá mbeadh sé taitneamheach agus cláracha fiúntacha air, de réir a chéile b'fhéidir go mbeadh daoine taobh amuigh ag breathnú air.

Tá tú féin ceapaithe ar Údarás RTÉ. An mbeadh tú in ann inseacht dom faoi sin?

Tá mise beagnach 30 bliain imithe ó RTÉ agus tá sé aisteach dul ar ais ann. Tá sé ar nós tosnú arís ar scoil agus foghlaim céard átá i gceist mar tá rudaí athraithe i gcúrsaí teilifíse ó thaobh teicneolaíochta agus tá béim níos mó anois ar ghnó na teilifíse. Tá mé cineál faiteach faoin mbéim sin mar nuair atá an gnó taobh thiar de chóras atá bainteach leis an ealaíon, tagann an ealaíon i gconaí sa dara áit agus sin é an dearcadh ginearálta atá agam faoi RTÉ. Tá mé ag foghlaim agus tá sé aisteach 30 bliain tar éis dhom siúl amach as RTÉ go bhfuil mise mar cheann de na bossanaí atá ar RTÉ. Mar a dúirt cara liom i gcárta a sheol sí chugam ina ndúirt si "comhgháirdeas, the lunatics have taken over the asylum!"

An fáth a roghnaíodh mise ar Údarás RTÉ - agus níl anseo ach tuairim - mar nach duine polaitiúil mé: cinnte tá aithne agus bhí aithne agam ar Michael D Higgins agus bhí meas mór agam ar Michael D. agus an méid atá déanta aige ar son scannánaíochta agus ealaíona agus freisin sa nGaeltacht agus tá mé ag ceapadh gur roghnaigh sé mise mar cheapfainn go raibh sé ag iarraidh rud éigin a rá le RTÉ -"Caithfidh sibh athrú."

Dúradh go ngabhfadh Michael D. as a mheabhair tar éis píosa ina aire rialtais ach má sé seo an sórt aireachais atá i gceist molaim é. Thóg sé seans mé a cheapadh. Tá súil agam gur thuig sé céard a bhí i gceist agus tá súil agam go dtuigim féin céard a bhí i gceist aige. Caithfidh mé cinneadh a dhéanamh go pearsanta an aontaíonn mé leis na rudaí atá á dhéanamh ag RTÉ agus mura n-aontaím déarfaidh mé é sin agus má aontaím déarfaidh mé é sin freisin agus gan fábhar mar tá mé neamhspleách. Níl tada le cáilliúnt agam. Níl job le cailliúint. Níl meas an phobail le cailliúint agam. Is cuma liom, déarfaidh mé an rud atá ar m'intinn.

Ag filleadh ar ais ag TnaG - an gceapann tú go ndéanfaidh sé athnuachan ar an teanga? Tá an teanga ag dul i léig i gConamara i measc daoine óga. An gceapann tú go mbeidh tionchar dearfach aige go fadtéarmach?

Nuair a iarradh ar an bpobal a gcuid tuairmí a nochtadh do Chomhairle Theilifís na Gaeilge scríobh mé píosa beag agus dúirt mé mura bhfuil beagnach chuile chlár dírithe ar ghasúir óga na Gaeltachta tá deireadh leis an nGaeilge sa nGaeltacht agus deirim sin fós. Is Cuma faoi chursaí reatha, is cuma faoi nuacht agus tá a fhios agam gur mionlach mé leis an tuairim seo. Cinnte mura bhfuil Teilifís na Gaeilge dírithe ar ghasúir na tíre seo agus an Ghaeltacht is féidir libh slán ar á le Gaeilge.