Tá an Cogadh Mór mar théama leanúnach sna míreanna fuaime sa bhailiúchán seo, go háirithe sna míreanna sin ina bpléitear Éirí Amach na Cásca. Bhí tionchar ag an gCogadh Mór ar gach gné den tsochaí in Éirinn ag an am sin. Mar shampla, cuimhníonn Séamas Mac Gearailt, as Corca Dhuibhne, go raibh na héisc an-fhlúirseach le linn aimsir an Chogaidh Mhóir (agus praghas maith ar stoc freisin). Tharla sé seo mar gur tháinig laghdú ar na cabhlacha iascaireachta móra mar gheall ar an gCogadh. Rinne iascairí an cheantair an-airgead, agus chuir sé sin ar chumas cuid acu airm a cheannach.

Bhí rian an chogaidh le feiceáil timpeall chósta na tíre. Labhair Tom Ó Dálaigh, as Com Dhíneol i gCiarraí , faoi na rudaí a tháinig i dtír i gCiarraí mar gheall ar chogaíocht fomhuireáin na nGearmánach. I measc na ndaoine a bádh ar chósta na hÉireann bhí dhá chorp a tháinig i dtír i gCorca Dhuibhne nuair a cuireadh chun tóin poill an Lusitania i 1915.

Ní coirp amháin a tháinig i dtír — labhraíonn Séan Ó Conghaola as na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe faoin mianach a tugadh i dtír ar an Lochán Beag, Indreabhán, i 1917. Cuimhníonn sé go maith ar an lá breá samhradh sin, agus é fós ar scoil. Chuir muintir an bhaile currach amach chun an mianach a thabhairt isteach, gan a fhios acu céard a bhí ann. Cheap siad go raibh luach leis an raic, ach phléasc sé. Maraíodh naonúr an lá sin. German mine on the West Coast a bhí scríofa san Independent faoin eachtra, ach mhaígh Ó Conghaola gur ceann de chuid na Breataine a bhí ann, agus gur ag iarraidh iad féin a chosaint a bhí meáin na bunaíochta.

Nuair a tháinig an scoilt sna hÓglaigh i 1914 liostáil roinnt acu, as Sráid na nGall agus as Sráid Eoin sa Daingean, in Arm na Breataine. Tháinig cuid acu siúd ar ais tar éis an Chogaidh, ag roinnt a gcuid scileanna míleata le muintir na háite. Ba iar-mhairnéalach de chuid Chabhlach na Breataine, Jack Hartnett, a bhíodh ag druileáil na nÓglach i mBaile an Mhúraigh.

Chuaigh baill as gach aicme in Éirinn, idir shaibhir agus daibhir, thar sáile ag troid. Ina measc siúd bhí an Coirnéal George Morris, mac Thiarna Chill Aithnín, as an Spidéal. Maraíodh san Fhrainc é i 1914. Chuala Seán Ó Curraoin , a bhíodh ag obair do Thiarna Chill Aithnín sa Spidéal, gur duine dá chuid saighdiúirí féin a mharaigh George Morris. Dar leis, mhothaigh na saighdiúirí go raibh siad ag troid ró-fhada, go raibh siad ró-lag agus dá marófaí Morris go mbeadh seans níos fearr acu éalú. Ar ábhar eile, bhí fear as an Spidéal sa reisimint ag Morris, Séamus Rua Ó Concheanainn as Saile Chuanna, Indreabhán. Nuair a maraíodh Morris d'fhág Ó Concheanainn an tArm agus liostáil sé sa chabhlach. Maraíodh é go gairid ina dhiaidh sin nuair a chuir fomhuireán a long go tóin poill.

Bhí Arm na Breataine feiceálach timpeall ar bhailte na hÉireann roimh agus le linn an Chogaidh. Luann Seán Ó Conghaola, go bhfeicfeá buíon acu ag teacht scaití, beirt ar bheirt, fir óga, 18-20 bliain d’aois, agus iad slachtmhar agus glan. Ba iad na Connaught Rangers (’We are the Connacht Rangers, the boys that felt no dangers’) a bhí i gceantar na Gaillimhe ag an am. Déanann Ó Conghaola cur síos ar leith ar na putties a bhíodh ar na saighdiúirí agus ar an mbealach ar leith a bhí ann chun iad a cheangal. Bochtanas agus cruatan ba chúis le daoine áirithe ag liostáil. 'Ghabhfaidís áit ar bith le scilling a shaothrú’, a deir Ó Conghaola faoi na hiar-shaighdiúirí a throid i gCogadh na mBórach. Labhraíonn sé, freisin, faoi na bealaí earcaíochta a bhí ann ag an arm. Cheannóidís deoch d’fhir óga ag iarraidh iad a mhealladh isteach. Dá dtógfá an scilling bhí tú liostáilte, agus ní fhéadfá fágáil mura gceannódh do mhuintir amach thú ar dhá phunt. Scaití, liostáladh daoine agus iad ólta. Ach bhí daoine eile ann, le háit mhaith sa bhaile acu, agus ba dheacair údar liostála a aithint. Ba léir go raibh scéalta greannmhara ag muintir na háite faoin arm freisin. Insíonn Ó Conghaola ceann faoi fhear a raibh aiféala air gur liostáil sé:

 

Bhí fear amháin ar chuma ar bith, shéidfeá de do bhos é, ní raibh ann ach séacla beag, agus chuaigh sé isteach, liostáil sé agus cibé cantal a cuireadh air, nuair a bhí sé dhá lá ann chuir sé scéala amach é a cheannach amach as, go raibh droch-chaoi air agus nach raibh sé in ann é a sheasamh agus chuile shórt mar sin agus diabhal aird a bhí sé ag fáil. 'Bhuel, 'mura dtabharfaidh sibh amach mé' deir sé 'luífidh mé amach faoin traein'......ach bhí seanfhear ar an mbaile ansin agus dúirt sé: 'Ní aireoidh an traein fúithí nó ós a chionn é' mar ní raibh ann ach séacla mar a bheadh seilide ar na ráillí.'

 

Bhí stádas ag saighdiúirí sa cheantar fiú roimh an gCogadh agus bhíodh an pobal ag breathnú orthu mar dhaoine le pá, éadaí maithe agus misneach (Ní fhaca tú rud ar bith riamh a bhí ag breathnú chomh slachtmhar leo). Tharraingeodh saighdiúirí ina n-éide aird na gcailíní óga. 'Níl aon chailín óg a bhíodh ag dul thart nach mbíodh aghaidh acu ar na saighdiúirí.', a dúirt Ó Conghaola.

Ní raibh pobal na tíre ag iarraidh coinscríobh, ach mheas Ó Conghaola nach raibh aon cheo acu in aghaidh na ndaoine a chuaigh in Arm na Breataine. Cuimhníonn sé go mbíodh an dream óg ag imirt spóirt in aice le séipéal an Chnoic (Indreabhán, Co. na Gaillimhe). Lá amháin tháinig an sagart amach chucu ag impí orthu dul chuig Aifreann ionas go ndéanfaí achainí ar Dhia nach dtógfaí in Arm ná in éadach Shasana iad.

Níor tháinig deireadh leis an gcruatan le deireadh an Chogaidh. Labhraíonn Cormac Ó Breasláin, as Gaoth Dobhair, faoin bhFliú Mór a lean deireadh an Chogaidh Mhóir. Bhásaigh na céadta sa cheantar sin agus i roinnt cásanna cailleadh níos mó ná duine amháin sa teach. I measc na marbh bhí a athair féin rud a thug air bogadh abhaile ón meánscoil ina raibh sé. I ndeisceart Dhún na nGall ba chuimhin le Micí Ó Gallchobhair siúl go dtí an siopa i lár an lae óna theach féin i mí na Nollag 1918. Cé gur lá maith a bhí ann níor casadh oiread is duine air ar an mbealach go dtí an siopa nó ar a bhealach abhaile ach an oiread. Bhí muintir an bhaile uilig tinn mar gheall ar an bhfliú.

Chuir Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar Niall Mac Fhionnghaile, staraí a scríobh leabhar Donegal, Ireland and the First World War. Labhraítear sa chlár faoi dhaoine as Dún na nGall a throid sa Chéad Chogadh Domhanda. Throid ar a laghad céad duine as Leitir Ceanainn amháin, mar sin is léir go raibh go leor as Tír Chonaill sa chogadh. Ba chogadh salach, gránna a bhí ann, dar le Mac Fhionnghaile. Déantar trácht ar an riocht ina raibh na trinsí, ar chath an Somme, agus ar na Dardanelles. Déantar cur síos ar an lorg a fágadh go síceolaíoch orthu siúd a raibh orthu na coirp a bhailiú tar éis gach catha.

Ba mhinic a bhíodh daoine ag obair sa Bhreatain nuair a liostáil siad. Déanann Mac Fhionnghaile cur síos ar Harry Alcorn, a bhí ag obair in Albain mar gharraíodóir. Liostáil sé san Durham Light Infantry mar go raibh mná an bhaile ag magadh faoi mar nach raibh sé san arm. Ach bhí fir ann, freisin, nach raibh uathu ach a bheith san arm. Mar shampla, chaith Ó hEochaidh, as Conmhaigh, Co. Dhún na nGall, seal le hArm na Breataine san India. Ina dhiaidh sin, throid sé i gCogadh na mBórach agus sa Chéad Chogadh Domhanda. Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda rinne sé iarracht liostáil in Arm na Breataine arís. Nuair a diúltaíodh dó, shuigh sé síos ar thaobh an bhóthair agus thosaigh sé ag caoineadh. Luaitear fear eile de chuid na háite, Charlie Collins as Leitir Ceanainn. Chaith sé trí bliana leis na Royal Inniskilling Fusiliers in Gallipoli, san Éigipt, sa Phalaistín, agus sa Bheilg, agus níor gortaíodh é go dtí gur tháinig sé abhaile. Liostáil sé in Arm na hÉireann, agus caitheadh sa tsúil trí thimpiste é i nDroim Bó.

Chuir Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar bheirt as Tír Chonaill. Throid a gcuid aithreacha in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. Labhraíonn Pádraig Mac Ruaidhrí as Leitir Catha, in aice le Loch an Iúir, ar dtús. Tháinig a athair slán as an gCogadh Mór. Throid sé sa chogadh ó 1914 go 1919. Throid sé sna Dardanelles, sa Ghréig agus sa Phalaistín. Is beag a bhí le rá ag a athair faoina thréimhse sa chogadh. Ba léir gur ghoill sé go mór air. Labhraíonn Pádraig faoi na deacrachtaí a bhí aige eolas a fháil ó údaráis Shasana faoin tréimhse a chaith a athair san arm.

Labhraíonn Tomás Ó Maoilchiaráin as Cloich Cheann Fhaola faoina athair féin. Bhí sé 18 mbliana d’aois agus bhí cónaí air in Albain nuair a chuaigh sé isteach sna Royal Inniskilling Fusiliers. Gortaíodh sa Chogadh é (chaill sé leathlámh) agus ceapann Tomás gur i gCath an Somme a tharla sé, cé nach bhfuil sé cinnte faoi sin. Chuir an cogadh isteach ar a athair agus ní raibh fonn cainte air faoi ina dhiaidh. Deir Tomás go mbíodh oifigigh ó Arm Shasana sa chontae agus go dtugaidís cuairt air. Bhreathnaigh siad i ndiaidh a chéile. Léirigh sé seo go raibh comrádaíocht láidir a eatarthu tar éis an chogaidh. Cailleadh i 1978 é.