Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #1 (15/09/1973)
Dublin Core
Teideal
Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #1 (15/09/1973)
            Ábhar
Colm Ó Gaora
Cogadh na Saoirse
Mise
            Cogadh na Saoirse
Mise
Cur Síos
Tugann Máirtín Ó Fátharta tuairisc ghearr ar shaol Choilm Uí Ghaora (1887-1954) as Ros Muc, bunaithe ar an leabhar Mise a scríobh an Gaorach. Foilsíodh é i 1943. Is leabhar é faoina shaol sna hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse. Cuirtear a mhac, Piaras Ó Gaora, faoi agallamh freisin [14:00]. Is cosúil go raibh rún ag Colm Ó Gaora leabhar eile a scríobh ina dhiaidh sin, ach theip ar a shláinte sula raibh deis aige é a chríochnú. Bhí nótaí déanta amach aige ar Chogadh na gCarad agus ar a chuid ama i Meiriceá. Labhraíonn Piaras faoi shaol Choilm tar éis an chogaidh, agus an tréimhse a chaith sé mar imirceach i Meiriceá.
            Tá mír fuaime eile sa gcartlann (21391) faoin ábhar seo.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Ó Fátharta, Máirtín
            Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
            Dáta
15-09-1973
            Cuiditheoir
Ó Gaora, Piaras
            Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
            Teanga
ga
            Cineál
Fuaim
            Aitheantóir
50347
            Naisc Ábhartha
Fad
00:23
            Clúdach Tíreolaíoch
Clúdach Ama
1887-1954: Colm Ó Gaora 
1943: Foilsíodh Mise
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
            1943: Foilsíodh Mise
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
Láithreoir
Ó Fátharta, Máirtín
            Bailiúchán
Tagairt
Ó Fátharta, Máirtín, “Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #1 (15/09/1973),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 4 Samhain 2025, https://staging.spunout.ie/items/show/667.
    