Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (09/02/1980)

Dublin Core

Title

Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (09/02/1980)

Subject

Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh

Description

Sa mhír ghearr fuaime seo as an tsraith chlár Blianta faoi Bhláth, tá Pádraig Pheter Ó Cualáin as Cor na Rón, Indreabhán, ag labhairt le Máirtín Davy Ó Coistealbha faoi eachtra a tharla dá athair le linn Chogadh na Saoirse. Bhí a athair i ndiaidh na mbeithíoch sa gharraí agus nuair a tháinig sé abhaile, bhain sé de a chuid bróg agus bhí siad lán le fuil. Is cosúil gur tháinig leoraí lán le Dúchrónaigh air i lár an gharraí. Dúirt siad i mBéarla ‘Hands up’, agus chaitheadar é le gránghunna. Nuair a tháinig sé abhaile, dúirt a mháthair lena athair an teach a fhágáil, agus dul síos ag an gcladach, ach ní scaoilfeadh Pádraig, a bhí ina ghasúr óg ag an am, leis. Thosaigh Pádraig ag screadach agus ag caoineadh, níor lig sé cead dá athair imeacht, agus d’fhan sé in éineacht leis sa teach. B’in an chuimhne is faide siar a bhí ag Pádraig Ó Cualáin.

Creator

Ó Coisdealbha, Máirtín Davy

Source

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Date

09-02-1980

Contributor

Ó Cualáin, Pádraig (Pheter)

Rights

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Language

ga

Type

Fuaim

Identifier

19415

Extent

00:30

Temporal Coverage

21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse

Mediator

Ó Coisdealbha, Máirtín Davy

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/a97e30e5dd25d3b6289f80d3b4448de2.mp3

Tagairt

Ó Coisdealbha, Máirtín Davy, “Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (09/02/1980),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://staging.spunout.ie/items/show/628.