Tarrtháil Farraige i 1930

Dublin Core

Title

Tarrtháil Farraige i 1930

Subject

Báid & Bádóirí; Stair

Description

Bhíodh trádáil mhór idir Conamara agus Árainn, chomh maith le Cinn Mhara agus Co. an Chláir riamh sa saol. Bhíodh báid as Ros an Mhíl ag tarraingt sna háiteacha sin freisin ar ndóigh. Is iomaí cineál aimsire a chonaic na bádóirí agus is iomaí gábh a raibh siad ann. Sa mbliain 1930 tharla timpiste do dhá bhád agus iad ar a mbealach go Cinn Mhara le lucht móna, ceann as Ros an Mhíl agus ceann eile as an gCeathrú Rua. An Mounte an t-ainm a bhí ar bhád na Ceathrún Rua agus ba iad Páraic Ó Súilleabháin agus Seán Mac Donncha a bhí ar an stiúir uirthi. An Colmcille a bhí ar bhád Ros an Mhíl, bád le Pat Seoige as an mBaile Láir. Ba é mac Phat, Cóil, agus Peadar Mac an Iomaire (Peadar Thomáisín) a bhí á stiúradh lá na timpiste.

Creator

Máire Ní Chualáin

Source

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Date

2014

Rights

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

PL2014A03

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/0a18b2824ebe5b9547d415a6b1aa970d.pdf

Tagairt

Máire Ní Chualáin, “Tarrtháil Farraige i 1930,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://staging.spunout.ie/items/show/550.