Gaol Ar Oileán
Dublin Core
Title
Gaol Ar Oileán
Subject
Stair; Oileáin
Description
Ní dhéanfaidh mise dearmad go deo ar na dinnéir a bhíodh againn oícheanta Nollag agus mé i mo ghasúr - breams Árann agus béile breá fataí. Bhíodh muid ag faire ar fhear an phosta roimh aimsir na Nollag i gcónaí, mar bliain i ndiaidh bliana bhíodh litreacha ag teacht as Meiriceá ó m'aint Nan, agus ó Aint Biddy - aint le mo mhama ab ea Biddy, ach níor thug muid uirthi riamh ach Aint Biddy - agus ní gá dom a rá ná go mbíodh níos mó ná cártaí Nollag sna litreacha seo; go ndéana Dia trócaire orthu, ba ghroíúil iad. Bhí Pete Mhichael Saile as Baile an Fhormada in Inis Oírr amhlaidh, go ndéana Dia grásta air, mar chuile Nollaig beo chuireadh sé beart breams chugainn i gcomhair na Nollag- ba dheas iad!
Creator
Máirín Mhic Lochlainn
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
2013
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL2013A03
Spatial Coverage
Geolocation
Bailiúchán
Tagairt
Máirín Mhic Lochlainn, “Gaol Ar Oileán,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://staging.spunout.ie/items/show/541.