John Millington Synge
Dublin Core
Title
John Millington Synge
Subject
Stair; Oileáin
Description
Teach Mhuintir Mhic Dhonnchadha: Tá an teach seo ós cionn trí chéad bliain d'aois seachas píosa a cuireadh as tús an chéid. Tá cáil ar an teach anois mar gur ann a d’fhanadh an drámadóir agus an scríbhneoir John Millington Synge. Bhíodh sé ar saoire sa teach seo le muintir Mhic Dhonnchadha, Bríd agus Páidín ó 1898-1903. Teach Synge a thugtar ar an teach seo anois. Ollscoil na Gaeilge a bhíodh mar ainm air uair amháin. Bunaíodh brainse de Chonradh na Gaeilge ann ag tús an chéid. Is ann a bhí Oifig an Phoist go dtí mí na Bealtaine 1939. Bhí muintir Uí Fhátharta ann go dtí 1977 agus ansin bhí sé fágtha folamh ar feadh blianta ach déanadh athchoiriú air roinnt blianta ó shoin agus tá sé oscailte anois don phobal.
Creator
An tSiúir Finnín Ní Chonceanainn
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
2009
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL2009A02
Spatial Coverage
Geolocation
Bailiúchán
Tagairt
An tSiúir Finnín Ní Chonceanainn, “John Millington Synge,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://staging.spunout.ie/items/show/494.