Teach Ósta Uí Fhlatharta nó Tigh Khit
Dublin Core
Title
Teach Ósta Uí Fhlatharta nó Tigh Khit
Subject
Stair; An Ghaeltacht
Description
Ba mhór i gceist ag an seandream agus iad ag caint ar laethanta aonaigh, Tigh Pheter William. Is ann a buaileadh smugairle ar bhois is an margadh déanta agus is ann a hóladh an luckpenny. Is maith an scaitheamh blianta anois ó bhí aonach i nDoire Né ach ní shin le rá nach bhfuil tarraingt daoine i gcónaí Tigh Khit, mar a fuair mé amach an tráthnóna bog báistí a bhuail mé isteach i mí Lúnasa le labhairt le Kit faoi na blianta atá caite aici i mbun gnó ansin. Bhí slua maith istigh ann agus daoine ag teacht is ag imeacht, ach bhí sí flaithiúil lena cuid ama agus í ag cur sios dom mar a bhí an saol nuair a tháinig sise go Doire Né ar dtús - agus ar an athrú atá tagtha le imeacht na mblianta. Chonaic sí an t-am a raibh mná liobrálacha a d'óladh piontaí pórtair lá aonaigh (ag am nach dtéadh mná isteach i bpubanna) cé nárbh iad mná Chonamara iad is cosúil, i bhfad sul má cloiseadh caint ar Women’s Lib, ná ar chearta ban. An chéad cheist a chuir mé ar Khit ná cén uair a d' oscail an áit seo ar dtús?
Creator
Meta Uí Mháille
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
2004
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL2004A07
Spatial Coverage
Geolocation
Bailiúchán
Tagairt
Meta Uí Mháille, “Teach Ósta Uí Fhlatharta nó Tigh Khit,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://staging.spunout.ie/items/show/442.