Teach Mór na bhForbacha: 1585-1936
Dublin Core
Title
Teach Mór na bhForbacha: 1585-1936
Subject
Stair; Conamara
Description
De réir pholasaí Surrender and Regrant Éilís 1 - Banríon Shasana (1558–1603) - ghéill Murchadha na dTua Ó Flatharta ó Chaisleán Achaidh an lúir in Uachtar Ard agus Ruairí Ó Flaithearta ó Chaisleán Mhaigh Cuilinn (seanathair an údair ón bPáirc) a gcuid taillte don choróin sa bhliain 1585. Shínigh an bheirt acu conradh (Composition of Connaught 1585) le Sir John Perrotte, fear ionaid na Banríona. (Ba le Ruairí talamh na bhForbacha ag an am sin). Bronnadh na taillte ar ais arís orthu ar choinníoll go gcuirfidís dlíthe agus custaim Shasana chun cinn ina ndúiche féin. Theastaigh ón gCoróin go gcuirfí deireadh leis an seanchóras Gaelach, go háirithe Dlíthe na mBreithiún - cearta oidhreachta srl. Feicimid ó na cáipéisí gur bronnadh 500 acra talún (cheithre cheathrú) ar Marcus Linch Fitz Nichollas of Furboghe, gent, sa bhliain sin - 1585. (Ba le linn an ama seo a roinneadh Cúige Chonnacht suas ina chondaetha).
Creator
Liam Ó Gráinne
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
1991
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL1991A09
Extent
1800
Spatial Coverage
Geolocation
Bailiúchán
Tagairt
Liam Ó Gráinne, “Teach Mór na bhForbacha: 1585-1936,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://staging.spunout.ie/items/show/254.