Micheál Ó Droighneán, ‘the most dangerous man at large’
Dublin Core
Title
Micheál Ó Droighneán, ‘the most dangerous man at large’
Subject
Stair
Description
Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Céad bliain ó shin bhí Micheál Ó Droighneán, ón Tuar Beag, ar cheann de na ceannairí ba thábhachtaí a bhí ag Sinn Féin in Iarthar na hÉireann. Ball den IRB a bhí ann, curtha faoi mhóid an Bhráithreachais roimh Éirí Amach na Cásca ag Éamonn Ceannt, a bhíodh ag tarraingt ar an Spidéal ag an am. Tá Micheál luaite go minic sna tuairiscí rialta a chuireadh RIC an Spidéil agus na Gaillimhe go Caisleán Bhleá Cliath, an ceanncheathrú a bhí ag an fórsaí an choróin in Éirinn. I dtuairisc amháin a cuireadh go Bleá Cliath i Meán Fómhair 1918, dúradh faoin Droighneánach gurb é ‘the most dangerous man at large in the Riding and that he is responsible for the Sinn Féinism that prevails in the Spiddal district’. Tá an cód a bhí á choinneál ag an RIC ar an Droighneánach scrúdaithe agam agus is ar na tuairiscí sin atá an t-alt seo bunaithe.
Creator
Donncha Ó hÉallaithe
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2018
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2018A05
Spatial Coverage
An Tuar Beag
Tagairt
Donncha Ó hÉallaithe, “Micheál Ó Droighneán, ‘the most dangerous man at large’,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://staging.spunout.ie/items/show/2388.