I gCuimhne an tSiopadóra
Dublin Core
Title
I gCuimhne an tSiopadóra
Subject
Gnó
Description
Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní raibh a leithéid ann agus ollmhargadh sna tuathcheantair agus mise ag fás aníos, caoga bliain ó shin. Bhíodh an cruth céanna, beagnach, ar na siopaí uile. Bhíodh cuma tí orthu ón taobh amuigh, le fógra de chuid ‘Players’ nó ‘Sweet Afton” crochta amuigh faoin díon, le cur in iúl do dhuine gur siopa a bhí ann. Bhíodh cannaí ‘Batchelors Beans’, agus boscaí púdar níocháin ‘Rinso’, leagtha ar an bhfuinneog taobh istigh, chomh maith le hearraí eile. Bhíodh an dath imithe de na boscaí agus na cannaí seo go minic, an dath glanta díobh ag an ngrian, dá bhfágfaí iad rófhada ar an bhfuinneog.
Creator
Áine Durkin
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2017
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2017A11
Tagairt
Áine Durkin, “I gCuimhne an tSiopadóra,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://staging.spunout.ie/items/show/2369.