Stair Chois Fharraige
Dublin Core
Title
Stair Chois Fharraige
Subject
Stair, Cois Fharraige
Description
Alt ó 'Biseach 2000', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is féidir linn dul chomh fada siar leis an miotaseolaíocht leis na chéad tagairtí a aimsiú don cheantar a dtugtar Cais Fharraige air sa lá atá inniu ann. Ar ndóigh, mar a fheicfeas muid, ní Cois Fharraige a bhí ar an áit i gcónaí. De réir na miotaseolaíochta bhí mac ag Maedbh, Banríon Chonnacht (an bhean a bhí ar an nóta puint, tráth) le Fearghas Mac Róich, Rí Uladh, darbh ainm Conmhac. Thug sliocht Chonmhaic na Conmhaicne orthu féin agus chuir craobh amháin díobh fúthu i ndeisce art Iar-Chonnacht, in aice na farraige. Thugadar seo na Conmhaicne Mara orthu féin d'fhonn idirdhealú a dhéanamh, is dócha, idir iad féin agus craobhacha eile de shliocht Chonmhaic: Conmhaicne Cinél Dubain agus Conmhaicne Cúile Toladh, i dtuaisceart an chontae. Ó Cadhla a bhí ar rithe Chonmhaicne Mara agus mhaígh James Hardiman, a bhfuil leabharlann na hollscoile i nGaillimh ainmnithe ina onóir, gur as an ainm seo a d'eascair an logainm na hAille.
Creator
Lochlainn Ó Tuairisg
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2000
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2000A09
Spatial Coverage
Cois Fharraige
Tagairt
Lochlainn Ó Tuairisg, “Stair Chois Fharraige,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://staging.spunout.ie/items/show/2039.